An t-iasc ildathach
Amach san fharraige ghorm, bhí iasc ina chonaí. Iasc deas a bhí ann. Bhí dath gorm, dath glas agus dath corcra air agus bhí a ghainní ag soilsiú. Thug na héisc eile an
t-Iasc Ildathach air.
“Tar agus bí ag súgradh linn,” arsa siad.
Bhí an t-Iasc Ildathach i gconaí ag snámh thart. Lá amháin tháinig iasc beag gorm chuige.
“A h-Éisc Ildathaigh,” arsa sé.
“Fan liom! Tabhair dom ceann de na gainní sin. Tá siad go hiontach agus tá go leor agat.”
“Ní thabharfaidh mé,” a dúirt an t-Iasc Ildathach.
“Imigh leat anois!”Bhí eagla ar an iasc beag gorm nuair a d’imigh sé. D’inis sé an scéal dá chairde go léir. Níor labhair iasc ar bith eile leis an Iasc Ildathach. Chuaigh sé leis an scéal a insint don chrosóg mhara.
“Tá mé deas. Cén fath nach bhfuil cara ar bith agam?”
“Níl a fhios agam” arsa an crosóg mhara.
Chuaigh an t-Iasc Ildathach leis an scéal a insint leis an ochtapus. Bhí sé dubh dorcha istigh san uaimh. Ní fhaca sé an t-ochtapus. Tháinig an t-ochtapus amach.
“Bhí mé ag fanacht ort,” arsa an
t-ochtapus.
“Tabhair gainne do gach iasc agus beidh tú sona sásta.”
“Ní féidir ....... “ a thosaigh an t-Iasc Ildathach. Ach bhí an t-ochtapus imithe.
Chuala sé duine in aice leis. An t-iasc beag gorm a bhí ann.Thug an t-Iasc Ildathach gainne dó. Bhí áthas ar an iasc beag. Chuaigh an t-iasc beag gorm ag snámh go gasta tríd an fharraige. Chonaic na héisc eile é. Chuaigh siad chuig an Iasc Ildathach. Thug sé gainne do gach ceann acu. Bhí siad uilig sona sásta.